|
|
| |
PREAS RÁITEAS
LE FOILSIÚ LÁITREACH
March 1st 2005 1ú LÁ de MHÁRTA 2005
Teagmháil: Liam Uasal Ó Gogaín 087-2543997
Alan Uasal Beirne 086-8514866
Lorgaíonn Iarrthóir Neamhspléach I bhFoth-Thoghcháin
na Mí AIRE A CHEAPADH DO FHIR.
D’iarr an feachtasóir ar chearta aithreacha, Liam Ó
Gogáin, inniu ar an rialtas aire a cheapadh do fhir. Bheadh
cúram sláinte na bhfear, Aithreacht, easpa dul chun
cinn á dhéanamh ag buachaillí sa chóras
oideachas, féin mharú i measc n bhfear, coiriúlacht
i measc na bhfear, ciontacht na bhfear óig, bochtaineacht
i measc na bhfear agus araile ar an Aire nua. Dúirt an t-Uasal
Ó Gógáin agus é i mbun toghchánaíochta
mar iarrthóir neamhspleách i bhfoth-thoghchán
na Mí go raibh socaí na tíre an lae inniu ag
caitheamh le fir agus le buachaillí mar shaoránaigh
den dara grád. Cé go bhfuil athraithe móra
tagtha ar chúrsaí oibre, sa socaí, agus i gcúrsaí
teaghlaigh, níl meon na bhfear curtha san áireamh
agus polasaithe á dhréachta.
“Is iad fir a íocann an coibhneas cáineach is
mó in Éirinn ach tá neamhaird a thabhairt ar
a riachtanais daonna. Seachas Comhionannas agus cearta daonna déanann
sé ciall maith gnó inchothaithe tacaíocht a
thabhairt do agus freagairt do riachtanais an aonaid eacnamaíochta
is táirgiúla sa socaí” a dúirt
an tUasal Ó Gógáin” “Ní
gá ach féachaint ar na staitisticí uafásacha
ar bhás ar na bóithre, ar thimpistí tionsclaíochta,
an leibhéal ard féin mharú i measc fir nach
féidir glacadh leis, an méid teaghlaigh gan aithreacha
agus an tslí idirdhealaithe a chaitheann na cúirt
dlí teaghlaigh le aithreacha” a dúirt Liam.
Dúirt sé chomh maith dá gcaithfí le
Mná i socaí na h-Éireann mar a chaitear leis
na bhfear bheadh daoine ag lorg Fiosrúchán Poiblí
agus Bínsí Fiosraithe chun an tslí uafásach
ina gcaitear le leath de dhaonra na h-Éireann, a fhiosrú.
Níl an struchtúir Líneach na ranna rialtais
solúbtha a dhóthain chun freastal ar ábhair
na bhFear agus tá thoradh mí –éifeachtach,
mall agus scaipthe ar an gcur chuige “il-ghníomhaireacht.
Bheadh freagairt ar an Aire do Chúrsaí Fir taighde
a dhéanamh ar thaithí na bhFear ó dhearcadh
na bhFear , riachtanais na bhFear a aithint, riachtanais acmhainní,
éifeacht dearcadh na bhFear a chur san áireamh, constaicí
agus araile ins na raon ábhair thíos luaite. Cé
go bhfuil cúram cúrsaí Fir ar raon ranna rialtais
faoi láthair, d’fheidhmeodh an tAire Fir I ról
tras-ranna chun a chinntiú go bhfuil teacht éifeachtach
ag fir ar acmhainní agus ar sheirbhísí atá
sainiúil do riachtanais na bhFear, deartha agus ceadaithe
ag, le agus do fhir. Do dhéanfadh an tAire , freastal ar
an maitheas poiblí trí áiseanna a sholáthair
go torthúil, seirbhísí agus reachtaíocht
a chruthú chun freastal ar réalaíoch na bhfear
agus trí éifeacht leanúnach na bhfear a ardú
agus an cur isteach atá acu i Socaí In-chothaithe”.
Cuirfidh an t-Uasal Ó Gogáin a mholadh do cheapadh
Aire do chúrsaí Fir ós comhair cruinniú
poiblí speisialta in Óstán Ardboyne san Uaimh,
Co. na Mí ar an gCéadaoin an 2ú lá de
Mhárta.
CRÍOCH
|
|
|